GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/295


PRÓTACAL (Uimh. 21)

MAIDIR LE SEASAMH NA RÍOCHTA AONTAITHE AGUS NA hÉIREANN I dTACA LEIS AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,

AG FÉACHAINT don Phrótacal maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 26 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Faoi réir Airteagal 3, ní bheidh an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaithe rialtais na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, i gcás cinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

De dhroim Airteagal 1 agus faoi réir Airteagail 3, 4 agus 6, ní bheidh aon fhoráil de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun an Teidil sin ná aon bhreith de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhorála nó birt den sórt sin ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn ná infheidhme iontu; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Stát sin; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis communautaire ná d'acquis an Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Ríocht Aontaithe nó le hÉirinn.

Airteagal 3

1.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis do thogra nó tionscnamh a bheith tíolactha don Chomhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gur mian léi bheith rannpháirteach in aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus leis sin, beidh an Stát sin i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh.

Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas comhalta nach mbeidh fógra den sórt sin tugtha aige, i gcás cinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil. Beidh beart arna ghlacadh faoin mír seo ina cheangal ar na Ballstáit uile a bheidh rannpháirteach ina ghlacadh.

Leagfar síos le bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na coinníollacha do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann sna meastacháin a bhaineann leis na réimsí atá folaithe le Teideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

2.   Murar féidir tar éis tréimhse réasúnta beart dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann, féadfaidh an Chomhairle beart den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1 gan rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 2.

Airteagal 4

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire, tráth ar bith tar éis don Chomhairle beart a ghlacadh de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, fógra faoina hintinn a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún gur mian léi glacadh leis an mbeart sin. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh .

Airteagal 4a

1.   Beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn chomh maith maidir le bearta a mholfar nó a ghlacfar de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena leasófar beart atá ann cheana atá ina cheangal orthu.

2.   I gcásanna, áfach, ina gcinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, nach bhféadfaí, gan rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann sa leagan leasaithe de bheart atá ann, an beart sin a chur i bhfeidhm i leith Ballstáit eile nó i leith an Aontais, féadfaidh sí a áiteamh orthu fógra a thabhairt faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4. Chun críocha Airteagal 3 tosóidh tréimhse bhreise dhá mhí ón dáta a gcinnfidh an Chomhairle amhlaidh.

Má tharlaíonn, nuair a rachaidh an tréimhse dhá mhí sin ó chinneadh na Comhairle in éag, nach mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe ná ag Éirinn faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, ní bheidh an beart atá ann ina cheangal uirthi ná ní bheidh sé infheidhme maidir léi a thuilleadh, mura mbeidh fógra faoi Airteagal 4 tugtha ag an mBallstát lena mbaineann sula dtiocfaidh an beart leasaitheach i bhfeidhm. Gabhfaidh éifeacht leis seo ón dáta a dtiocfaidh an beart leasaitheach i bhfeidhm nó ón dáta a rachaidh an tréimhse dhá mhí in éag, cibé acu is déanaí.

Chun críche na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle, tar éis plé iomlán ar an ábhar, trí thromlach cáilithe dá comhaltaí a ionadaíonn do na Ballstáit a bheidh rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach i nglacadh an bhirt leasaithigh. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh go n-iompróidh an Ríocht Aontaithe nó Éire na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de thoradh a rannpháirtíochta sa bheart atá ann a scor.

4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar d'Airteagal 4.

Airteagal 5

Ní iompróidh Ballstát nach bhfuil faoi cheangal ag beart arna ghlacadh de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh aon iarmhairtí airgeadais a ghabhann leis an mbeart sin seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí, ach amháin má chinneann comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 6

Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear sa Phrótacal seo, go mbeidh beart arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe nó ar Éirinn, beidh feidhm ag forálacha ábhartha na gConarthaí, maidir leis an Stát sin i ndáil leis an mbeart sin.

Airteagal 6a

Na rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní bheidh siad ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal orthu lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh.

Airteagal 7

Beidh Airteagail 3, 4 agus 4a gan dochar don Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Féadfaidh Éire fógra a thabhairt i scríbhinn don Chomhairle nach mian léi bheith faoi réir théarmaí an Phrótacail seo a thuilleadh. Sa chás sin, beidh feidhm ag gnáthfhorálacha an Chonartha maidir le hÉirinn.

Airteagal 9

A mhéid a bhaineann le hÉirinn, ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le hAirteagal 75 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.